



Bia mara úr ó uiscí ghlana an Atlantaigh Thuaidh
Soláthraíonn Earagail Éisc bia mara súmhar den chéad scoth, ar a n-áirítear portáin, cuachmaí, gliomaigh, faochóga, muiríní, ribí róibéis agus cloicheáin do mhargadh domhanda de mhíondíoltóirí, mórdíoltóirí agus gnólachtaí eile.
Déanann muid foinsiú, próiseáil, dáileadh, pacáistiú agus seachadadh ar ár gcuid táirgí ar fud an domhain agus tá muid a dhéanamh sin le chóir a bheith 50 bliain.
Iomráiteach as a ghlaineacht, tá an Aigeán Atlantach Thuaidh thar a bheith fóirsteanach mar áit iascaireachta faoi choinne ár gcuid bia mara, agus tá ráchairt mhór ag daoine ar fud an domhain, gurb ansa leo bia mara, ar phortán Dhún na nGall, go speisialta, siocair an blas méith milis ar leith atá air agus an ardcháilíocht atá san fheoil. Tá muid bródúil asainn féin as a bheith ag easportáil an bia mara is fearr sa domhain.
Roghnaíonn grúpaí móra miondíola as gach cearn den domhan brandaí Earagail Éisc de bharr go bhfuil réimse leathan meallacach de tháirgí, againn agus go bhfuil clú agus cáil orainn mar sholáthraithe arb fhéidir brath orthu chun bia mara den chéad scoth a chur ar fáil dóibh go seasmhach ar phraghsanna réasúnta, nuair agus cá bith áit a bhfuil a leithéid de dhíth orthu.
Tá an fharraige agus an timpeallacht thar a bheith luachmhar dúinn agus dá bhrí sin tacaíonn muid go hiomlán le polasaithe iascaireachta atá inbhuanaithe agus déanann muid ár ndícheall a bheith éiceabhách i ngach rud a dhéanann muid, gan rud ar bith a chur amú agus ag athchúrsáil an oiread agus is féidir linn.
Tá Foireann speisialaithe do Bhainistiú Cáilíochta ag obair inár saotharlann féin ar an láthair oibre ar mhaithe le caighdeáin rialaitheacha do shábháilteacht agus cáilíocht an bhia margaidh a chinntiú agus a shárú i ngach gné dár gcuid oibre.
Cuireann muid cuid mhór infheistíochta isteach i dtaighde, i bhforbairt agus i nuálaíocht na n-oibriúchán, i dtaca le táirgí, próisis agus seirbhís do chliaint.








